Richmond Barracks

Conas muid a aimsiú

Conas teacht anseo

Tá Dún Richmond suite taobh le Bóthar Bulfin, ar an gcúinne le Bóthar Emmet (R810), taobh thiar d’Eaglais Naomh Mhichíl. Tá sé os comhair an spáis ghlais in Eastát Naomh Mhichíl.

Ar Rothair Bhaile Átha Cliath

www.dublinbikes.ie 

Tá seastán rothar ar Bhóthar Emmet ag an gcrosbhóthar le Cill Mhaighneann. Tógfaidh sé cúig nóiméad ort siúl ón seastán seo go dtí Dún Richmond. Lean ort ó dheas agus feicfidh tú Eaglais Naomh Mhichíl ar chlé. Cas ar chlé isteach sa lána díreach tar éis na heaglaise agus beidh an Dún le feiceáil.

Ar an mBus

www.dublinbus.ie 

Is féidir leat aon cheann de na busanna seo a thógáil chun dul go dtí Dún Richmond:13, 13a, 40, 68. Tuirling den bhus ag Eaglais Naomh Mhichíl, Bóthar Emmet, Inse Chór. Is é 1946 uimhir stad an bhus. Siúl síos an lána taobh leis an eaglais agus feicfidh tú Dún Richmond. Tá amchláir le feiceáil ar shuíomh gréasáin Bus Átha Cliath nó ar an aip.

Ar an Luas

www.luas.ie

Is féidir leat an líne dhearg den Luas a thógáil chun dul go dtí Dún Richmond. Tuirling den bhus ag an stad Droimeanach agus trasnaigh an bóthar go dtí an taobh eile den chanáil. Siúl síos Sráid Naomh Uinseann Thiar i dtreo Eastáit Naomh Mhichíl. Feicfidh tú Dún Richmond ar thaobh na láimhe deise.

Sa Charr

Tógann sé 10 nóiméad dul go dtí Dún Richmond sa charr ó lár na cathrach. Tiomáin go dtí Bóthar Emmet (R810) agus lean ort ó dheas i dtreo Sráidbhaile Inse Chór. Cas ar chlé ag Bóthar Bulfin taobh le hEaglais Naomh Mhichíl. Cas ar dheis díreach ina dhiaidh sin agus lean an bóthar go dtí Dún Richmond – beidh sé ar an taobh clé. Ar an tsráid tá páirceáil saor in aisce atá teoranta. Tá páirceáil saor in aisce teoranta taobh amuigh den Dún.

Féach Google Maps chun muid a aimsiú

Ar an Traein

www.irishrail.ie

Tógann sé 20 nóiméad dul ó Stáisiún Heuston de shiúl na gcos. Is féidir an bus 79 agus an líne dhearg den Luas a fháil ar an stráice seo.

Ag Siúl

Má tá tú ag siúl, tógfaidh sé thart ar 30 – 40 nóiméad ort siúl ó lár na cathrach go dtí Dún Richmond.

Déan teagmháil linn

Dún Richmond,
In aice le Bóthar Bulfin,
Inse Chór,
Baile Átha Cliath 8,
Éire

Ríomhphost: info@richmondbarracks.ie

Fón:  +353 1 524 2532