Built in 1810 in response to the threat of a French invasion in the Napoleonic Wars, nearly every British Regiment would spend time at the Richmond Barracks fighting in conflicts including the Crimean War, the Boer War, and World War 1.
After the 1916 Easter Rising, Richmond Barracks would become a centrepiece in the fight for Irish Independence, housing over 3,000 suspected rebels before their sentencing. When the site was turned over to the Free State Army in 1922, it remained a keystone of working class Dublin, hosting a housing estate and a Christian Brothers’ School.
Explore the articles here to trace 200 years of Kilmainham’s and Inchicore’s history.
Caibidlí caillte Éirí Amach na Cásca 1916
Tógadh Dún Richmond sa bhliain 1810 mar gheall ar an mbaol go ndéanfadh na Francaigh ionradh ar an tír le linn Chogaí Napoléon. Chaith beagnach gach Reisimint Bhriotanach am sa bheairic ag troid i gcoimhlintí éagsúla, Cogadh Chrimé, Cogadh na mBórach agus an Chéad Chogadh Domhanda ina measc.
I ndiaidh Éirí Amach na Cásca 1916, bhí páirt nach beag ag Dún Richmond i gCogadh na Saoirse, agus os cionn 3,000 reibiliúnach á gcoinneáil ann sular gearradh pianbhreith orthu. Cé gur tugadh an suíomh d’Arm an tSaorstáit in 1922, bhí ról tábhachtach aige fós do lucht oibre Bhaile Átha Cliath toisc go raibh eastát tithíochta agus scoil de chuid na mBráithre Críostaí ann.
Léigh na hailt anseo chun foghlaim faoi 200 bliain de stair Chill Mhaighneann agus Inse Chór.