Richmond Barracks

Celebrate Seachtain na Gaeilge (Irish Language Week) at Richmond Barracks

Bí linn ag Beairic Richmond chun an cultúr Gaelach agus an Ghaeilge a cheiliúradh le linn Sheachtain na Gaeilge.

Join us at Richmond Barracks to celebrate Irish culture and language during Seachtain na Gaeilge.

Is féile Ghaeilge idirnáisiúnta í Seachtain na Gaeilge le Energia a bhíonn ar siúl ar bhonn bliantúil in Éirinn agus i measc phobail na nGael ar fud an domhain. Leanann an fhéile ar aghaidh ar feadh coicíse thart ar aimsir Lá Fhéile Pádraig, ón 1-17 Márta.

Seachtain na Gaeilge le Energia is an international Irish language festival that takes place annually in Ireland and among Irish communities worldwide. The festival, whose title translates to "Irish Language Week with Energia," spans over two weeks around St. Patrick's Day, from March 1st to March 17th.

Is éard atá i Seachtain na Gaeilge ag Beairic Richmond ná deis chun dlúthbhaint a bheith agat le cultúr na hÉireann ar bhealach dinimiciúil agus idirghníomhach. Ó thurais staire go ceardlanna ceoil, tá gach imeacht curtha le chéile chun cur le do thuiscint ar an nGaeilge agus ar an oidhreacht Ghaelach. Is ceiliúradh ar ár stair choiteann í agus déantar na healaíona a chíoradh ar bhealach bríomhar léi.

Seachtain na Gaeilge at Richmond Barracks is an invitation to connect with Irish culture in a dynamic and interactive way. From historical tours to musical workshops, each event is crafted to deepen your appreciation for the Irish language and heritage. It's a celebration of our shared history and a lively exploration of the arts.

Céilí mór - Oíche Rince Gaelach: Cuir ort do bhróga damhsa dár gcéilí, ina mbeidh sibh ag rince leis an gceol Gaelach. Glaofar amach as Gaeilge roinnt de na rincí, rud a thabharfaidh deis spraíúil duit an teanga a chleachtadh. Déanfaimid cleachtadh leat ar na steipeanna ar dtús, agus beidh sé iontach mar sin d’fhoghlaimeoirí agus do rinceoirí a bhfuil taithí acu araon.

Céilí mór - Irish dance evening: Put on your dancing shoes for our céilí, where you'll dance to traditional Irish music. Some dances will be called out in Irish, giving you a fun chance to practice the language. We'll walk you through the steps, so it's great for beginners and experienced dancers.

Oíche na gCluichí Cláir: Bailígí bhur gcairde agus bhur mbaill teaghlaigh le chéile le haghaidh tráthnóna siamsúil de chluichí cláir le cor Gaelach. Is bealach iontach é tú féin a thumadh sa teanga i suíomh suaimhneach, sóisialta. Beidh cluichí cláir ar fáil do gach uile leibhéal de chumas sa Ghaeilge, rud a fhágfaidh go mbeidh idir spraoi agus fhoghlaim le chéile ann.

Board game night: Gather your friends and family for an entertaining evening of board games with an Irish twist. It's a fantastic way to immerse yourself in the language in a relaxed, social setting. Games will be available for all levels of Irish language proficiency, ensuring fun and learning go hand in hand.

Turais féintreoraithe saor in aisce: Déan tú féin a thumadh i stair shaibhir ár gceantair le dhá thuras staire speisialta, treoraithe go hiomlán as Gaeilge. Faigh amach faoi reilig stairiúil an Droichid Órga, an chéad reilig ghairdín in Éirinn, agus téigh ar thuras siar sa stair. De rogha air sin, leanaigí lorg cheannairí 1916 ar thuras tochtmhar a leanann a móimintí deireanacha go Príosún Chill Mhaighneann. Cuirtear deis iontach ar fáil leis na turais seo sainchomharthaí suntasacha a thaiscéaladh agus do chuid Gaeilge a chleachtadh san am céanna.

Free guided tours: Immerse yourself in the rich history of our area with two special walking tours, guided entirely in Irish. Discover the historic Goldenbridge Cemetery, Ireland's first garden cemetery, and journey back in time. Alternatively, follow in the footsteps of the 1916 leaders on a poignant tour that traces their final moments to Kilmainham Gaol. These tours are an excellent opportunity to explore significant landmarks while practising your Irish.

Caint staire ar chláirseach na hÉireann agus léiriú ceoil: Faigh blaiseadh de shaol draíochtúil chláirseach na hÉireann trí chaint ar a stair, agus ina dhiaidh sin trí léiriú ceoil ón gcláirseoir aitheanta Marina Cassidy. Is pléisiúr do na céadfaí é an ócáid seo, agus ceann de na huirlisí ceoil is aitheanta in Éirinn á ceiliúradh againn ann.

Irish harp history talk and performance: Delve into the enchanting world of the Irish harp with a talk on its history, followed by a performance by the renowned harpist Marina Cassidy. This event is a treat for the senses, celebrating one of Ireland's most iconic instruments.

Ceardlann - Canaimis ar mhaithe le Spraoi: Cuir le d’eispéireas Sheachtain na Gaeilge lenár gceardlann speisialta Canaimis ar mhaithe le Spraoi, ina bhféadfá amhráin Ghaeilge a thriail agus an-spraoi a bheith agat ag foghlaim na feadóige stáin. Is iontach an bealach é chun do spéis sa teanga a mhúscailt arís i dtimpeallacht spraíúil thacúil.

Sing for Fun workshop: Elevate your Seachtain na Gaeilge experience with our special Sing for Fun workshop, where you can try your hand at some Irish language songs and have a blast learning the tin whistle. It's a perfect way to engage with the Irish language in a fun, supportive environment.

Cé acu a bhfuil tú líofa sa Ghaeilge nó nach bhfuil tú ach fiosrach faoi chúpla abairt di a fhoghlaim, beidh rud éigin ann do chách!

Whether you're fluent in Irish or just curious to learn a few phrases, there's something for everyone!

Posted 22 February 2024
Tagged with: News