Richmond Barracks

Staraí Cónaithe do Leanaí

I Meán Fómhair 2020, fógraíodh go mbeadh Dervilia Roche ina Staraí Cónaithe do Leanaí, ról a cruthaíodh den chéad uair agus a chuireann beocht i stair Bhaile Átha Cliath, agus a chothaíonn ceangal leis an stair i leanaí ar feadh an tsaoil.

Cónaitheacht bliana amháin a bhí beartaithe ar dtús ach cuireadh síneadh léi go dtí Meán Fómhair 2022. Lonnaithe in Inse Chór, tá Dún Richmond ina chuid den chlár Cónaitheacht Cruthaitheach de chuid Chomhlachta Cultúir i gcomhpháirtíocht le Leabharlanna Chathair Bhaile Átha Cliath.

Sa tionscadal seo oibrítear le leanaí idir 9 agus 12 bliain d’aois. Tugtar an deis dóibh chomh maith le spás agus acmhainní, scéalta na cathrach agus na ndaoine ann a nochtadh. Cuirtear beocht san am atá thart, lorgaítear bealaí nua cruthaitheacha chun ceangail a chothú tríd an stair.

Is í aidhm na cónaitheachta ná leanaí a chumasú ar a n-aistear féinaithne ag baint úsáide as scéalta agus as an stair tríd na nithe a leanas a dhéanamh:

Cad iad na rudaí ar a bhfuil Dervilia ag obair?

Ó ceapadh í mar Staraí Cónaithe do Leanaí, bhí baint ag Dervilia le os cionn 1600 leanbh trí cheardlanna agus ghníomhaíochtaí eile. Go dtí seo, tá os cionn 50 seisiún idirghníomhach tugtha aici do ghrúpaí scoile ar fud chathair Bhaile Átha Cliath.

Tá páirt glactha aici i bhFéile Staire Bhaile Átha Cliath agus i bhFéile Leabhar na Leanaí, agus tá roinnt campaí samhraidh óstáilte aici a raibh an stair mar théama acu.

Reáchtálann Dervilia ceardlanna poiblí ar líne agus ar an láithreán ar bhonn rialta, agus comhoibríonn sí le scríbhneoirí, le maisitheoirí, le healaíontóirí agus le staraithe eile.

Cuireann sí ceardlanna i láthair go rialta do theaghlaigh ina gclúdaítear topaicí ar nós stair na gcaisleán i mBaile Átha Cliath agus Éirí Amach na Cásca 1916. Tá sonraí faoi cheardlanna a bheidh ag tarlú le fáil sa mhír Imeachtaí ar an suíomh gréasáin seo.

Ina theannta sin, cuireann Dervilia club leabhar do leanaí i láthair go míosúil, agus bhí sí i gceannas le déanaí ar thionscadal físeáin inar tugadh an deis do leanaí an stair áitiúil a phlé agus a chíoradh.

Glac Páirt

Má tá aithne agat ar staraithe óga atá ag teacht faoi bhláth nó más mian leat tuilleadh a fháil amach mar gheall ar rudaí a fhoghlaim agus a roinnt tríd an stair, leis an Staraí Cónaithe do Leanaí, is féidir leat teagmháil a dhéanamh le Dervilia ag residency@dublincitycouncilculturecompany.ie

liosta d'imeachtaí a bheidh ar siúl ag Dún Richmond anseo. Bí cinnte go gcláraíonn tú chun nuachtlitir Dhún Richmond a fháil chun go mbeidh tú ar an eolas faoin gcónaitheacht. 

Faoi Chónaitheachtaí Cruthaitheacha

Is clár é an clár Cónaitheachtaí Cruthaitheacha atá á rith ag an gComhlacht Cultúir thar ceann Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath. Cruthaíonn sé comhpháirtíochtaí chun triail a bhaint as smaointe agus cuir chuige nua agus chun cur le beocht chultúrtha na cathrach. Spreagaimid daoine atá saineolaithe ó thaobh na cruthaitheachta agus an chultúir de, in éineacht le heagraíochtaí, scaoileadh lena gcuid smaointe agus rudaí nua a ghabháil chucu féin, bunaithe ar mhuintir na cathrach agus ar an gcathair féin.

Cuireadh tús leis an gCónaitheacht Chruthaitheacht i gcomhar le Cumann Onórach Óstaí an Rí ar 1 Meán Fómhair 2019. Tugadh tacaíocht don amharc-ealaíontóir Jesse Jones a rinne forbairt ar théama na healaíne agus an dlí, agus cruthaíodh píosa nua ealaíne d’Óstái na Rí.

Faoi Dervilia Roche

Tá Dervilia Roche ag obair i réimse na hoidhreachta agus na staire poiblí le os cionn ceithre bliana déag. Tar éis di BA a bhaint amach i Stair na hEalaíne agus na hAiltireachta agus sa Cheol ó Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, rinne sí MSc i mBainistíocht Turasóireachta ó Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath. Le linn na hama seo, rinne sí taighde ar an gcaoi a théann leanaí i ngleic le suíomhanna oidhreachta, agus foilsíodh an taighde seo ina dhiaidh sin.

Bhí sí ag obair i gCaisleán Bhaile Átha Cliath, in Ard-Mhúsaem na hÉireann, in Ionad Cuairteoirí Chath na Bóinne, i róil éagsúla ag déileáil le cuairteoirí, lena n-áirítear turais threoraithe agus cláir oideachais a fhorbairt. Dhírigh sí go háirithe ar thurais, ar cheardlanna agus ar acmhainní a chruthú do leanaí. D’oibrigh sí freisin ar acmhainní a chruthú don seomra ranga i réimse na staire agus na tíreolaíochta, agus i seirbhísí oidhreachta éagsúla sa Ríocht Aontaithe.

Tá an dúshuim aici i stair agus in oidhreacht Bhaile Átha Cliath, agus creideann sí go diongháilte gur chóir go mbeadh rochtain ag daoine de gach aois ar an stair áitiúil. Tá suim faoi leith aici san fhghlaim áitbhunaithe, ag baint úsáide as foirgnimh agus as tírdhreacha chun scéalta ón am atá thart a insint.