Richmond Barracks

Seachtain na Gaeilge i nDún Richmond

Táimid ag tnúth le himeachtaí a óstáil do Sheachtain na Gaeilge 2026. Faigh tuilleadh eolais agus cuir d’áit in áirithe trí na naisc thíos.

Más spéis leat an Ghaeilge, tá áthas orainn turais siúil a chur ar fáil Dé Sathairn an 7 Márta inar féidir le gach duine páirt a ghlacadh - foghlaimeoirí nó daoine líofa!

Tugann na turais seo agus ár n-imeachtaí uile deis do dhaoine muinín a chothú agus a fhorbairt sa Ghaeilge, trí éisteacht, foghlaim agus a gcuid cúpla focal a úsáid le treoraí cairdiúil a chuireann fáilte roimh gach leibhéal cumais.


We are looking forward to hosting events for Seachtain na Gaeilge 2026. Find out more and book your places through the links below.

If you are curious about Irish we are delighted to offer walking tours on Saturday 7 March where everyone is welcome - learning or líofa!

These tours and all our events offer people the chance to build and develop confidence in Irish, by listening, learning and using their cúpla focal with a friendly guide who welcomes all levels of ability.

 

A collection of various board game pieces.

Oíche Cluichí / Games Night (gach aois ghrúpa / all ages)

Dé Céadaoin 4ú Márta, 6 pm; fad 90 nóiméad / Wednesday 4 March, 6 pm; duration 90 minutes

Bígí linn le haghaidh oíche cluichí cláir as Gaeilge. Cuirfear fáilte roimh ‘chuile dhuine - beag beann ar a leibhéal Gaeilge. Beidh fáilte roimh ‘chuile aoisghrúpa agus roimh theaghlaigh ar an oíche chomh maith.

Join us for an evening of playing board games in Irish. All levels of Irish are welcome, from beginners to fluent. This event is family friendly and everyone is welcome.

 

Four people standing in front of a building with an Irish flag. One person is pointing at a plinth.

Turas Siúil ó Dhún Richmond go Cill Mhaighneann

Dé Sathairn 7ú Márta ag 11 am

Tá an tsiúlóid ó Dhún Richmond go Cill Mhaighneann fréamhaithe i dtírdhreach saibhir stairiúil agus polaitiúil Bhaile Átha Cliath. Ag tosú i nDún Richmond a tógadh in 1810, beidh cuairteoirí ag foghlaim faoina stair mar cheann de na beairicí arm is mó in Éirinn, áit ina raibh cónaí agus inar cuireadh oiliúint ar gach reisimint d’arm na Breataine le linn a staire 100 bliain. B’fhéidir gur fearr aithne air inniu mar an áit inar coinníodh agus inar cuireadh faoi thriail armchúirte ceannairí Éirí Amach 1916 sular cuireadh chun báis iad i bPríosún Chill Mhaighneann in aice láimhe.

Agus lorg na bhfear seo á leanúint agat, gheobhaidh tú amach faoin stair cheilte fhairsing agus faoi na laochra áitiúla a mhúnlaigh aghaidh stair na hÉireann agus cultúr na hÉireann. Faoi stiúir treoraithe turais gairmiúla, foghlaimeoidh cuairteoirí faoi fhilí, faoi phlaiceanna agus faoi thírghráthóirí agus faoi iliomad scéalta na háite iontach seo.

“Bhí an scéalaíocht agus an t-eolas iontach a bhí ag Fergus siamsúil agus spéisiúil. Mholfainn go mór é do chairde agus do mhuintir.”

– Cuairteoir

 

Eispéireas faoin aer is ea ár dturas siúlóide, mar sin, gléas do ghach chineál aimsire agus caith bróga compordacha.

Maireann gach turas timpeall uair an chloig agus 15 nóiméad. Tosaíonn an turas ag Dún Richmond agus críochnaíonn sé ag Bóthar Inse Chór, os comhair Phríosún Chill Mhaighneann.

Tabhair le fios le do thoil: Ní chuimsítear leis an turas seo cuairt ar Phríosún Chill Mhaighneann nó ar Ospidéal Ríoga Chill Mhaighneann (Áras Nua-Ealaíne na hÉireann).

 

Turas Siúil ó Dhún Richmond go Reilig an Droichid Órga

Dé Sathairn 7ú Márta ag 1 pm

Is í Reilig an Droichid Órga an chéad reilig ghairdín in Éirinn agus bhunaigh ‘an Fuascailteoir’ Dónall Ó Conaill é beagnach 200 bliain ó shin.

Treorófar cuairteoirí tríd an reilig gan mhilleadh seo agus foghlaimeoidh siad faoina stair uathúil, na luscaí, na gardaí armtha, na cúnna fola Cúbacha, na réabóirí reilige agus na daoine a adhlacadh sna huaigheanna spéisiúla agus a bhfuil tábhacht staire leo laistigh dá bhallaí san áireamh. 

Cloisfidh tú scéalta an bheirt iar-Thaoiseach agus a mball teaghlaigh Óglach Thomas Burke a maraíodh le linn comhraic in Éirí amach na Cásca. 

Cuireadh cloch nua thar Eugene Lynch a maraíodh in 1916, a bhí ocht mbliana d’aois. 

Tabharfaimid cuairt ar uaigh shagairt a bhí sna reibiliúin in 1798 agus Dochtúir Bob Kenny a d’éirigh mór le Parnell agus James Joyce. 

“Seoid rúnda... láthair scíthe shuaimhneach atá lán de stair.”

- léirmheas TripAdvisor 

Tabhair do d’aire go mbeidh an turas tríd an Reilig Ghairdín ag tarlú ar thalamh agus cosáin mhíchothroma agus iarraimid ar gach cuairteoir coisbheart téagartha a chaitheamh agus treoracha agus stiúracha an treoraí a leanúint i gcónaí. 

Is taithí faoin aer é seo agus mar sin gléas tú féin do gach cineál aimsire le do thoil. 

Tá an t-ionad coinní ag Dún Richmond.

Is le Dublin Cemeteries Trust í Reilig an Droichid Órga agus is iadsan a dhéanann bainistiú air.

 

Several couples are dancing in a room with a wooden floor.

Damhsa / Dance (daoine fásta agus aois 12+ / adults and ages 12+)

Dé Máirt 10ú Márta, 6 pm; fad 60 nóiméad / Tuesday 10 March, 6 pm; duration 1 hour

Is ionann Damhsa / Dance agus ceiliúradh ar dhamhsa Traidisiúnta na hÉireann agus ar an nGaeilge le haghaidh sheachtain na Gaeilge.

Foghlaimeoidh tú faoi theicnící coisíochta sean-nóis, déanfaidh cleachtadh ar labhairt na Gaeilge, agus faigh tuilleadh eolais faoi dhamhsa comhaimseartha agus faoi chumadóireacht ar an láthair. Is í Sibéal Davitt, damhsóir sean-nóis agus cainteoir Gaeilge, a stiúrfaidh an seisiún. Cuirfear tús leis an seisiún le cleachtaí Damhsa Chomhaimseartha chun an cholainn a théamh agus chun an intinn a réiteach. Beidh neart ama agat triail a bhaint as do Ghaeilge labhartha, déanfaidh tú cleachtadh chomh maith ar chéimeanna sean-nóis éagsúla agus amhráin thraidisiúnta á ndamhsa agat.

Damhsa / Dance is a celebration of Irish Traditional dance and language for Seachtain na Gaeilge.

Explore Sean-nós footwork techniques, practice speaking Irish, and discover more about Contemporary Dance and improvisation. Led by expert Sean-nós dancer and Irish speaker Sibéal Davitt, the session will kick off with easy Contemporary Dance exercises to warm up the body and focus the mind. With plenty of time to try out your Irish-speaking skills, you’ll also practise different Sean-nós steps to some great Trad tunes. 

 

Céilí Dún Richmond (adults and ages 15+)

Dé Céadaoin 11ú Márta, 7 pm; fad 90 nóiméad/ Wednesday 11 March, 7 pm; duration 1 hour

Bígí linn le haghaidh oíche ceoil agus rince! Faoi stiúir Louise O’Connor, stiúrthóir céilí agus damhsóir sean-nóis. Fógróidh Louise na céimeanna damhsa, agus más ea, d'fheilfeadh an céilí seo do thosaitheoirí agus do dhamhsóirí nach bhfuil an oiread sin taithí acu fós. Siod é an áit chun do chúpla focal Gaeilge a úsáid nó chun iarracht a dhéanamh Gaeilge a labhairt. Tá sé riachtanach bróga compordacha a chaitheamh. Ní foláir duit a bheith 15 bliana d'aois chun páirt a ghlacadh san imeacht agus níl cead ag aon duine alcól a thabhairt isteach ann.

Join us for a night of music and dance. Led by céilí caller and sean nós dancer Louise O’Connor. Louise will be calling out the dance steps, so this céilí is ideal for beginners and less experienced dancers. Be prepared to make use of your cúpla focail or try out speaking some Irish. Comfortable shoes essential. This is an alcohol-free event for adults and ages 15+.

 

Amhránaíocht Spraoiúil / Sing for Fun (daoine fásta agus aois 15+/ adults and ages 15+)

Dé Déardaoin 12ú Márta, 11 am; fad 60 nóiméad / Thursday 12 March, 11 am; duration 1 hour

Bígí linn do cheardlann speisialta Amhránaíochta Spraíúla ag ceiliúradh Sheachtain na Gaeilge. Bainfimid triail as roinnt amhrán Gaeilge. Beidh cupán tae agus píosa craic as Gaeilge againn ina dhiaidh freisin, mar sin bígí linn!

Is d’aon duine a bhfuil suim acu san amhránaíocht mar chuid de ghrúpa é Amhránaíocht Spraíúil. Bí i láthair leis an Ealaíontóir Cónaithe Michael McCartan agus foghlaimeoidh tú chun amhráin éagsúla a chanadh agus bainfidh tú úsáid as bealaí chun téada an ghutha a théamh agus as cleachtaí gutha. Ní gá go mbeadh taithí amhránaíochta agat, níl uait ach fonn páirt a ghlacadh. Is féidir leat teacht chuig ceardlann amháin nó chuig a oiread agus is mian leat.

Join us for a special Sing for Fun workshop celebrating Seachtain na Gaeilge. We will be trying out some Irish language songs. We’ll be having a cup of tea and a bit of craic in Irish afterwards too, so please join us! 

Sing for Fun is for anyone interested in singing as part of a group. Join Artist in Residence Michael McCartan and learn to sing different songs and try out vocal warm-ups and exercises. No singing experience is needed, just a willingness to take part. 

 

Naisc Chultúir / Culture Connects 

Ba mhaith linn bealaí a oscailt do dhaoine triail a bhaint as gach cineál cultúir. Is éard atá i Culture Connects (Naisc Chultúir) ná clár de bhliain amháin é a thugann cuireadh do dhaoine i mBaile Átha Cliath rudaí nua a thriail. Cuirimid bealaí ar fáil do dhaoine déanamh agus cruthú le chéile, smaointe a roinnt agus nascadh trí chultúr agus chomhrá.

We want to open up ways for people to experiment with all kinds of culture. Culture Connects is our year-round programme that invites people in Dublin to try out new things. We offer ways for people to make and create together, to share ideas and connect through culture and conversation.

Posted 17 Feabhra 2026
Tagged with: News