Richmond Barracks

An chaoi a n-oibrímid: Naisc Chultúir as Gaeilge

Táimid ag iarraidh deiseanna éagsúla a thabhairt do dhaoine nascadh leis an gcultúr.

Is clár é Naisc Chultúir a reáchtáiltear ó cheann ceann na bliana chun deis a thabhairt do dhaoine i mBaile Átha Cliath rudaí nua a thriail. Cuirimid deiseanna ar fáil do dhaoine a bheith ag cruthú le chéile, ag roinnt smaointe agus ag nascadh lena chéile trí mheán an chultúir agus an chomhrá.

Clár de chuid Chomhlacht Cultúir Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath é Naisc Chultúir agus reáchtáiltear an clár i nDún Richmond, Inse Chór, faoi láthair.

Reáchtálaimid cuid dár ngníomhaíochtaí trí Ghaeilge nó ar bhonn dátheangach Gaeilge/Béarla le go mbeidh siad oiriúnach do dhaoine a bhfuil leibhéil éagsúla Gaeilge acu agus ar mhaithe le tacú le foghlaim na teanga. Orthu seo tá turais spaisteoireachta, amhránaíochta, rince agus oícheanta cluichí.

Tá breis eolas le fáil ar ghníomhaíochtaí Gaeilge Chomhlacht Cultúir Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath ach clárú dár nuachtlitir Ghaeilge a scaiptear uair sa ráithe.

Cláraigh dár nuachtlitir Ghaeilge anseo

Turais staire trí Ghaeilge

Ní gá ach é iarraidh agus cuirfimid aon cheann dár dturais spaisteoireachta faoi stair na háite ar fáil trí Ghaeilge do ghrúpaí de 15 duine nó níos mó.

Tá dhá thuras againn a thugann chun suntais gnéithe de stair na háite nach bhfuil mórán daoine ar an eolas fúthu. Tosaíonn an dá thuras ag Dún Richmond agus maireann siad thart ar uair is ceathrú an chloig.

Ticéid: €10 / €8 ar lascaine / €6 do dhaoine óga idir 5 agus 16 bliana d’aois / saor in aisce do chúramóirí in éineacht leo agus do pháistí faoi 5 bliana d’aois.

Chun turas a chur in áirithe, seol ríomhphost chuig info@richmondbarracks.ie nó glaoigh ar 01 524 25 32.

Turas Treoraithe - Reilig an Droichid Órga: cúinne staire faoi cheilt in Inse Chór i mBaile Átha Cliath

Ba é Daniel O’Connell a bhunaigh Reilig an Droichid Órga nach mór 200 bliain ó shin agus í ina céad reilig ghairdín in Éirinn. I bhfolach ar fhearann neamh-mhillte na reilige seo tá scéalta faoi fhir faire rúnda, boghtaí faoi thalamh agus réabóirí reilige.

Bí i dteannta ár dtreoraithe sainoilte chun spléachadh a fháil ar áilleacht nádúrtha an tsuímh Victeoiriaigh seo (atá ann i ngan fhios don saol cuid mhaith) agus na huaigheanna stairiúla laistigh ann.

Tosaíonn an turas seo ag Dún Richmond. Beidh thart ar ocht nóiméad ag teastáil chun siúl go bealach isteach na reilige.

Turas Spaisteoireachta - Inse Chór go Cill Mhaighneann: ó armchúirt go cur chun báis

Lean coiscéimeanna deireanacha cheannairí Éirí Amach 1916 ón am ar cuireadh faoi thriail armchúirte i nDún Richmond iad go dtí gur cuireadh chun bás i bPríosún Chill Mhaighneann iad.

Feadh an bhealaigh, gheobhaidh tú léargas ar stair shaibhir Inse Chór, scéalta faoi laochra spóirt, gaiscígh na háite, filíocht agus ealaín san áireamh.

Tosaíonn an turas seo ag Dún Richmond agus críochnaíonn sé in Inse Chór, díreach trasna ó Phríosún Chill Mhaighneann.

An Ghaeilge agus an cultúr

Reáchtálaimid ceardlanna séasúracha chun an Ghaeilge agus an cultúr Gaelach a cheiliúradh.

Mar shampla, mar chuid de Sheachtain na Gaeilge, chuireamar oíche cluichí, céilí agus ceardlanna rince agus amhránaíochta ar siúl.

 Sa chlár againn bhí ceardlann rince dhátheangach a cheiliúir an rince Gaelach agus an Ghaeilge agus arbh í an rinceoir Sean-nóis ardoilte agus an Gaeilgeoir Sibéal Davitt a stiúir í.

“Ceoltóirí agus craic as Gaeilge....agus an damhsa!  An-spraíúil!" - aiseolas ó rannpháirtí.

Bhí mír faoin gceardlann ar an gclár Today with David McCullagh de chuid RTÉ. Is féidir éisteacht anseo chun breis eolais a fháil. 

DublinCityCouncilCultureCompany ·

Posted 30 June 2026