Turais staire trí Ghaeilge
Ní gá ach é iarraidh agus cuirfimid aon cheann dár dturais spaisteoireachta faoi stair na háite ar fáil trí Ghaeilge do ghrúpaí de 15 duine nó níos mó.
Tá dhá thuras againn a thugann chun suntais gnéithe de stair na háite nach bhfuil mórán daoine ar an eolas fúthu. Tosaíonn an dá thuras ag Dún Richmond agus maireann siad thart ar uair is ceathrú an chloig.
Ticéid: €10 / €8 ar lascaine / €6 do dhaoine óga idir 5 agus 16 bliana d’aois / saor in aisce do chúramóirí in éineacht leo agus do pháistí faoi 5 bliana d’aois.
Chun turas a chur in áirithe, seol ríomhphost chuig info@richmondbarracks.ie nó glaoigh ar 01 524 25 32.
Táimid ag iarraidh deiseanna éagsúla a thabhairt do dhaoine nascadh leis an gcultúr.
