Richmond Barracks

Rochtain

Leathanach nuashonraithe an: 21 Feabhra 2022

Tá Comlacht Cultúir de chuid Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath tiomanta eispéireas inrochtana a sholáthar do gach cuairteoir a thagann go dtí Dún Richmond.

An Bealach isteach san fhoirgneamh

Is féidir le cuairteoirí go dtí Dún Richmond dul isteach tríd an bpríomhdhoras – is é sin an príomhbhealach isteach.

(Tá Dún Richmond suite taobh le Bóthar Bulfin, ar an gcúinne le Bóthar Emmet (R810), taobh thiar d’Eaglais Naomh Mhichíl. Tá sé os comhair an spáis ghlais in Eastát Naomh Mhichíl.)

Rochtain do Chathaoireacha Rothaí agus do bhugaithe

Tá rochtain Cuid M ag Dún Richmond. Tá na limistéir phoiblí go léir ar leibhéal na talún agus tá na saoráidí go léir (an gairdín san áireamh) inrochtana do chathaoireacha rothaí agus do bhugaithe.

Cathaoir rothaí ar iasacht

Tá cathaoir rothaí amháin ar fáil saor in aisce do chuairteoirí ar mian leo í a úsáid.

Turais siúil lasmuigh

Maireann an Turas Siúil ó Dhún Richmond go dtí Cill Mhaighneann thart ar 90 nóiméad. Tosaíonn an turas ag Dún Richmond agus críochnaíonn sé ar Bhóthar Inse Chór, os comhair Phríosúin Chill Mhaighneann. Bainfear úsáid as cosáin agus crosbhóthair le linn an turais, agus trasrianta  coisithe nuair is féidir.

Tosaíonn agus críochnaíonn turas Reilig an Droichid Órga lasmuigh de phríomhgheataí na Reilige. Tabhair do d’aire, is ar thalamh míchothrom agus cosáin fhéarmhara a bheidh an turas, agus iarraimid ar chuairteoirí bróga cuí a chaitheamh agus treoracha na dtreoraithe a leanúint i gcónaí.

Páirceáil

Tá dhá bhá páirceála do thiománaithe faoi mhíchumas ag an mbealach isteach go dtí Dún Richmond.

Leithris

Tá leithreas inrochtana ann do chuairteoirí a bhfuil mallachar gluaiseachta orthu.

Madraí cuidithe

Cuirtear fáilte roimh madraí treorach agus cuidithe ag Dún Richmond, agus ar na turais siúil.

An bhfuil tuilleadh eolais uait?

Má tá ceist agat nár freagraíodh thuas nó más mian leat cúrsaí rochtana i nDún Richmond a phlé, ná bíodh drogall ort dul i dteagmháil linn. Tá beirt Oifigeach Rochtana againn agus is féidir leat teagmháil a dhéanamh leo ag na seoltaí ríomhphoist thíos.

Emma Dwan O'Reilly
operations@dublincitycouncilculturecompany.ie

Sinéad O'Shaughnessy
digital@dublincitycouncilculturecompany.ie


An Dearadh Uilíoch agus Polasaí Inrochtaineachta  

Tá Comhlacht Cultúir de chuid Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath tiomanta polasaithe agus cleachtaí a fhorbairt chun a chinntiú go gcuirfear san áireamh cúrsaí rochtana, an Dearadh Uilíoch agus freastal réasúnta do dhaoine faoi mhíchumas, nuair atá seirbhísí á soláthar do shaoránaigh Bhaile Átha Cliath, do na pobail agus do na heagraíochtaí cultúrtha ann, do ghnólachtaí, agus do Chomhairle Bhaile Átha Cliath í féin.

Féach an polasaí


Inrochtaineacht ar líne

Ráiteas tiomantais

Tá Comhlacht Cultúir de chuid Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath tiomanta cinnte a dhéanamh de go bhfuil rochtain ar an suíomh gréasáin seo, agus caighdeán AA a bhaint amach, faoi na treoirlínte WCAG 2.1.

Ó 14 Eanáir 2022, nuair a tháinig an córas i bhfeidhm, bhí www.richmondbarracks.ie ag comhlíonadh na treoirlínte WCAG 2.1 go hiomlán ag baint úsáide ag an Uirlis Measúnachta maidir le `hInrochtaineacht Gréasáin.

Tuairiscíodh ag an am sin go raibh 0 earráid inrochtaineachta, 0 earráid cóimheas codarsnachta, agus tuairiscíodh go raibh úsáid dhearfach ann maidir le Gnéithe, le hEilimintí Struchtúir agus ARIA (téasc malartach, eilimintí séimeantacha html, códú struchtúir glan, úsáid cuí de cheannteidil agus de lipéid).

Déanfaimid iniúchadh neamhspleách go luath in 2022 chun scrúdú a dhéanamh ar inrochtaineacht an tsuímh.

Nóta: Cé go bhfuil dearadh agus struchtúr an tsuímh gréasáin comhlíontach go hiomlán, d’fhéadfadh sé tarlú go mbeidh eisceachtaí ann sa chás gur cuireadh ábhar nua suas nó má chuirfear ábhar suas – mar shampla, físeáin ó YouTube nach bhfuil ceannteidil aige, nó PDF atá le híoslódáil. Nuair is féidir, déanfaimid iarracht i gcónaí cloí le treoirlínte WCAG 2.1. Déanfaimid athbhreithniú go rialta ar inrochtaineacht an tsuímh seo agus déanfaimid é a nuashonrú mar is gá.

Má tá smaointe nó iarratas agat i dtaca le hinrochtaineacht an tsuímh seo, ná bíodh drogall ort dul i dteagmháil linn ar digital@dublincitycouncilculturecompany.ie